Seachtain na Gaeilge
Bhí Seachtain na Gaeilge againn ó 7ú-11ú Márta. Ghlac na ranganna páirt sna himeachtaí a bhí eagraithe do sheachtain na gaeilge. Bhí gníomhaíochtaí ranga ar siúl, mar shampla, Tráth na gCeist, Comórtas Póstaeir, Gaeilgeoir na Seachtaine. Bhí na páistí ag aithris filíochta, ag imirt cluichí teanga, ag damhsa, ag canadh amhrán agus ag seinm ceoil i rith na seachtaine. Bhí Lá Gléasta Glas againn fosta.